Skip navigation

GA - Sábháilteacht RUP1

AIRE: Ba chóir don úsáideoir na treoracha sábháilteachta thíos a léamh go cúramach sula ndéantar an córas REVO-2 agus na tóireadóirí tionlacain a dhíphacáil agus a shuiteáil, agus a chinntiú go leanann gach oibreoir iad i gcónaí.

Níor chóir an RUP1 a úsáid ach amháin le ceann Renishaw REVO-2.

Ní mór go mbeadh oibreoirí oilte ar úsáid agus ar fheidhmiú chóras REVO-2 agus na dtáirgí tionlacain, i gcomhthéacs an innill ar a bhfuil sé feistithe, sula gceadaítear dóibh an t-inneall sin a úsáid.

Tá buanmhaighnéid i gcuid de chomhpháirteanna chóras REVO-2 agus i dtáirgí gaolmhara. Tá sé tábhachtach iad a choinneáil amach ó earraí a bhféadfadh réimsí maighnéadacha cur isteach orthu, m.sh. córais stórála sonraí, séadairí agus uaireadóirí srl.

Hydrophilic polymer elastomer ball

Tá na comhábhair seo a leanas, i measc comhábhar eile, le fáil i hydrophilic polymer elastomer ball:

  • 60-80% Eatáindé-ól;gliocól eitiléine
  • 1-3% Aigéad 2-Própánóch, homapolaiméir, salann sóidiam

Guaiseacha

Warning image - do not ingestWarning image - hazard
  • Díobhálach má shlogtar
  • D'fhéadfadh sé a bheith ina chúis le codlatacht nó le meadhrán
  • D'fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh d'orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

Bearta rialaithe

  • Ná hionghabháil
  • Nuair a bhíonn tú á láimhseáil, úsáid lámhainn nítríle atá indiúscartha agus a bhfuil caighdeáin EN374-2, EN374-3, EN388 á comhlíonadh aici
  • Seachain teagmháil le haigéid láidre, bunanna láidre, ocsaídeoirí láidre agus dí-ocsaídeoirí láidre
  • Má dhéantar teagmháil leis an gcraiceann, nigh láithreach
  • Láimhseáil i limistéar dea-aerálaithe
  • Seachain teagmháil le linn toirchis agus le linn cíoch á tabhairt

Stóráil agus diúscairt

  • Stóráil i gcoimeádán atá dúnta go docht
  • Seachain sceitheadh i lochannna, sruthanna, séaraigh, srl.
  • Diúscair ábhair/coimeádán de réir rialachán áitiúil

Nós imeachta éigeandála

MÁ SHLOGTAR: Cuir glao ar IONAD NIMHE / ar dhoctúir má bhraitheann tú tinn.

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait tabhair cuairt ar www.renishaw.com/SDS

Rabhaidh RUP1

Fainic an chorraíl gan choinne. Ba chóir don oibreoir fanacht glan amach ó réimse iomlán oibre cheann an tóireadóra agus an stílis. Ba chóir do sholáthraí an innill a chinntiú go bhfuil an t-úsáideoir airdeallach ar imchlúdach iomlán oibre an chórais.

Moltar cosaint súile i ndáil le gach feidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí innill nó CMManna.

Is ar sholáthraí an innill atá an fhreagracht a chinntiú go gcuirtear an t-úsáideoir ar an eolas maidir le haon ghuais a bhaineann leis an oibriúchán, lena n-áirítear iad siúd a luaitear i ndoiciméad táirge Renishaw, agus a chinntiú go soláthraítear sciatha agus comhghlasáil sábháilteachta leordhóthanach.

Déan tagairt do threoracha oibriúcháin sholáthraí an innill.

Níl aon pháirt is féidir leis an úsáideoir a sheirbhísiú i gcomhpháirteanna an chórais, ach is eisceacht é FCR25. Níor chóir aon iarracht a dhéanamh aon chuid den táirge a bhaint dá chéile. I gcás faidhbe, téigh i dteagmháil le do sholáthraí chun cúnamh a fháil.

Féadtar staid bhréagach tóireadóra-shuite a léiriú ar comhartha an tóireadóra in imthosca áirithe. Ná bí ag brath ar chomharthaí tóireadóra chun stop a chur le gluaiseacht an innill.

Ba cheart oibriú an truicir tóireadóra ar an luamhán stiúrtha MCU a úsáid go cúramach, de bhrí go gcoiscfidh sé an CMM ó stopadh i gcás imbhuailte.

Tá ailt an tóireadóra deartha chun an tóireadóir agus / nó coinneálaí an stílis a scaoileadh i gcás tuairte.

Níl an trealamh seo oiriúnach le haghaidh úsáide in atmaisféar ina bhféadfadh pléascadh tarlú.

Tá guaiseacha cúngúcháin idir na páirteanna. Ná coinnigh greim ar an tóireadóir nó ar cheann an tóireadóra le linn gluaiseachtaí.

Tá sé riachtanach chun sábháilteacht leanúnach a chinntiú go gcuirtear fiúsanna den chineál ceart agus leis an rátáil cheart in áit seanfiúsanna.

Ní mór REVO-2 a iompar i bpacáistíocht arna soláthar ag Renishaw.

Ní mór go mbeadh na cáblaí ag teacht le sonraíochtaí Renishaw. D'fhéadfadh cáblú mícheart damáiste a dhéanamh don trealamh.

RUP1

  • Bain caipíní cosanta roimh úsáid:
RUP1 with caps removed
  • Ba cheart tóireadóir RUP1 a láimhseáil go cúramach
  • Ná lig don tóireadóir RUP1 titim nó bualadh in aghaidh saotharphíosaí nó páirteanna de struchtúr CMM
  • Ba cheart a bheith cúramach le barr an stílis go háirithe - seachain teagmháil leis an liathróid leaistiméire mura bhfuil sé in úsáid chun críche tomhais
  • Scrúdaigh an liathróid leaistiméire agus bí ag faire amach do shalachar nó do dheannach
  • Cinntigh go bhfuil dromchlaí tomhais tirim agus nach bhfuil aon smionagar orthu sula ndéanann tú scrúdú orthu le tóireadóir RUP1