Skip navigation

GA - Sábháilteacht

Warning triangle - yellow Nuair a thaispeántar an tsiombail seo ar an táirge, ní mór d'úsáideoir an táirge féachaint ar an treoir suiteála chun eolas agus comhairle sábháilteachta a fháil.

Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil mionsonraithe ag an déantúsóir, d'fhéadfadh sábháilteacht an trealaimh bheith lagaithe.

RABHADH: Ní mór don SPA2-2 a bheith talmhaithe. Tá an OEM nó an suiteálaí freagrach as soláthraithe talmhaithe don mheaisín iomlán.

RABHADH: Ní ceadmhach don SPA2-2 soláthar cumhachta a fháil go díreach ón phríomhlíonra.

Ní mór PSU aonair lochtlamhálach atá ceadaithe de réir BS EN 60950-1:2006+A2:2013 (nó leagan reatha) a úsáid agus a nascadh le soláthar a chuimsíonn seoltóir talún cosantach.

RABHADH: Is féidir SPA2-2 a aonrú ón soláthar cumhachta tríd an nascóir cumhachta AC a dhínascadh den PSU seachtrach. Má tá aon mhodhanna aonraithe breise riachtanach, ní mór do dhéantúsóir an mheaisín nó suiteálaí an táirge é a mhionsonrú agus a shuiteáil. Ní mór an t-aonraitheoir a shuiteáil cóngarach don oibritheoir CMM agus é i gcomhlíonadh le BS EN 61010-1:2010 (nó leis an leagan reatha) agus le haon rialacháin náisiúnta sreangaithe atá i bhfeidhm sa tír ina suiteáiltear é.
RABHADH: Níor cheart cothabháil a dhéanamh ach amháin tar éis an meaisín a bheith aonraithe ón soláthar leictreach, ón soláthar aeir comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir threoracha déantúsóir an mheaisín.

Sábháilteacht mheaisín

RABHADH: Tá seans ann NACH gcoiscfear gluaiseacht an mheaisín gan choinne tríd an SPA2-2 a mhúchadh nó a aonrú. Moltar don úsáideoir an meaisín a aonrú ón soláthar leictreachais, ó aer comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir treoracha ó dhéantúsóir an mheaisín sula dtéitear isteach sa chrios guaise nó sula ndéantar aon oibriúcháin chothabhála.

AIRE: Moltar go láidir do dhéantúsóir an CMM nó don té a aisfheistíonn an CMM tástáil thréimhsiúil ar an stop éigeandála, agus ar an lasc athshocraithe a théann leis, más ann di, a áireamh sna treoracha cothabhála.