Navigation
GA - Sábháilteacht
Nuair a thaispeántar an tsiombail seo ar an táirge, ní mór d'úsáideoir an táirge féachaint ar an treoir suiteála chun eolas agus comhairle sábháilteachta a fháil.
Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil mionsonraithe ag an déantúsóir, d'fhéadfadh sábháilteacht an trealaimh bheith lagaithe.
RABHADH: Ní mór don SPA3 a bheith talmhaithe. Tá an OEM nó an suiteálaí freagrach as soláthraithe talmhaithe don mheaisín iomlán.
RABHADH: Ní ceadmhach don SPA3 soláthar cumhachta a fháil go díreach ón phríomhlíonra.
Ní mór PSU aonair lochtlamhálach atá ceadaithe de réir BS EN 60950-1:2006+A2:2013 (nó leagan reatha) a úsáid agus a nascadh le soláthar a chuimsíonn seoltóir talún cosantach.
Sábháilteacht mheaisín
RABHADH: Tá seans ann NACH gcoiscfear gluaiseacht an mheaisín gan choinne tríd an SPA3 a mhúchadh nó a aonrú. Moltar don úsáideoir an meaisín a aonrú ón soláthar leictreachais, ó aer comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir treoracha ó dhéantúsóir an mheaisín sula dtéitear isteach sa chrios guaise nó sula ndéantar aon oibriúcháin chothabhála.
AIRE: Moltar go láidir do dhéantúsóir an CMM nó don té a aisfheistíonn an CMM tástáil thréimhsiúil ar an stop éigeandála, agus ar an lasc athshocraithe a théann leis, más ann di, a áireamh sna treoracha cothabhála.